Slabhraí fuinnimh

Go minic cruthaíonn acmhainn fuinnimh timthriall nó slabhra toisc an slí go ndéantar agus go n-úsáidtear iad. Uaireanta leanann na timthriallta ar aghaidh agus ar aghaidh agus uaireanta eile bristear iad.

An Slabhra Fuinnimh Breoslaí Iontaisigh

energy chain
  1. Fuair crainn bás na milliúin bliain ó shin agus déanadh gual astu go mall
  2. Tógtar an gual seo ón talamh inniu
  3. Scaoiltear dí ocsáid carbóin nuair a dhótar gual
  4. Nuair a dhónn muid breoslaí iontaisigh ar nós gual, ola agus gás, bailíonn dí ocsáid carbóin agus gásanna tí gloine eile san atmasféar. Cruthaíonn na gásanna téamh domhanda agus athrú san aeráid.
  5. Níl go leor crainnte ann chun an dí ocsáid carbóin go léir a úsáid a chruthaítear nuair a dhótar gual agus breoslaí eile
  6. Ní féidir crainn a athrú go gual le linn ár saol. Tógann sé na milliúin bliain.
  7. Bristear an slabhra fuinnimh toisc go bhfuil muid ag dódh breoslaí iontaisigh agus níl aon bhreoslaí iontaisigh á chruthú.

An Slabhra Inathnuaite Fuinnimh

Uisce

water cycle
  1. baillíonn scamaill thar na farraige
  2. titeann báisteach ar na cnoic
  3. déanann an abhainn an roth uisce a chasadh
  4. imíonn an abhainn le sruth go dtí an fharraige

Adhmad

wood cycle
  1. Scaoiltear dí ocsáid carbóin nuair a dhóitear adhmad
  2. Tá dí ocsáid carbóin ag teastáil ó chrainn chun fáis
  3. Bristear géaga. Faigheann crainn bás nó leagtar iad

Níl an slabhra fuinnimh briste toisc go mbíonn an abhainn i gcónaí ag rith agus go mbíonn na crainn i gcónaí ag fás.


Cé mhéad fuinneamh a n-úsáideann muid?