Céard é acmhainn fuinnimh

Cuireann fuinneamh rudaí ag gluaiseacht. Séard is acmhainn fuinnimh ann ná rud gur féidir a úsáid chun fuinneamh a sholáthar.

 

uisce ina acmhainn fuinnimh.  Is féidir é a úsáid chun rothaí uisce nó tuirbíní a chasadh.

watermill
windsail

 

Tá an ghaoth ina acmhainn fuinnimh. Is féidir í a úsáid chun báid a chur ag gluaiseacht.

 

Is  acmhainní fuinnimh iad adhmad,móin agus gual. Is féidir iad a úsáid sa tine chun muid a choimeád te.

tine
  
Is acmhainní fuinnimh iad ola agus gás. Is féidir iad a úsáid ins na h-ionaid ghaileadáin teasa lárnach a théann ár scoileanna agus ár dtithe. Is féidir ola agus gás a úsáid chomh maith chun solas a chur ar fail
heating
  
wave

 

Tá an fharraige ina acmhainn fuinnimh. Is féidir lena tonnta agus taoidí cumhacht a sholáthar do tuirbíní.

 

Is acmhainn fuinnimh é an domhan féin. Tá cineál áirithe carraigeacha atá go domhain faoin talamh te. Tugtar fuinneamh geo-téarmach ar seo.

drilling
bia

 

Is acmhainn fuinneamh é bia a thugann fuinneamh dúinn le siúl, rith, sciopáil, ithe agus fuil a chur timpeall an choirp.

 

Is féidir le bruscar bheith ina acmhainn fuinneamh. Ma dhónn muid brúscar chun teas a fháil uaireanta truaillítear an t-aer, mar sin, is fearr bruscar a athchursáil.

rubbish

Is féidir rudaí eile ar nós aoileach agus fuíoll ábhair a úsáid mar acmhainn fuinnimh. Dóitear gásanna gur féidir a úsáid chun teas nó leictreachas a dhéanamh. I roinnt tíortha is féidir breosla do charranna a dhéanamh as barraí fuinnimh. Úsáidtear arbhar ins na Stáit Aontaithe agus siúcra sa Bhraisíl.

Is í an ghrian an foinse fuinnimh is láidre atá againn