An tslí go ndéantar leictreachas

Tá dhá chineál leictreachas ann, leictreachas statach agus leictreachas sruthach. Tárlaíonn leictreachas statach sa nadúr. Is drithle ollmhór é tintreach. Níl a fhios ag éinne conas an cineál leictreachas seo a ghabhadh agus a úsáid.

Tá leictreachas leanúnach le soláthar leictreachas in-thuartha de dhídh orainn, agus faigheann muid é seo ó leictreachas sruthach.

Giniúint Leictreachais

Déantar leictreachas i ngineadóir. Séard is gineadóir ann ná maighnéad teannta chuig slat laistigh de chorna de shreangáin. Nuair a castar an slat gintear sruth leictreach sna sreangáin.

motor

Tá dhá slí gur féidir an slat a chasadh.

1. Is féidir le gal-turbín an slat i ngineadóir a chasadh

Úsáidtear ola, gás, agus móin chun uisce a théamh chun gal a dhéanamh. Úsáideann stáisúin giniúna núicléach an teas do imoibrithe núicléach chun an uisce a athrú go gal. Cuirtear an gal seo i dtreo tuirbín chun é a chasadh agus leictreachas a ghinnúint.

steam

2. Is féidir an slat i ngineadóir a chasadh trí é a bhrú

 

 

Brúnn uisce reatha an tuirbín i scéim hidrea-leictreach.

water energy
wind energy

 

Brúnn an ghaoth lanna an tuirbín gaoithe chun leictreachas a ghinniúint.

Tá gineadóirí mar seo i ngach stáisiúin giniúna (feirmeacha gaoithe, scéimeanna hidrea-leictreach) in Éirinn.

Leictreachas in Éirinn