Céard a tharlaíonn don timpeallacht nuair a úsáideann muid fuinneamh
Féachaimid anois ar an éifeacht a bhíonn ag acmhainn neamh-inathnuaite ar ár dtimpeallacht.
1. Breosla Iontaisigh agus an Timpeallacht
Níor thosaigh muid ag úsáid tromlach na breoslaí iontaisigh ach le 200 bliain anuas. D'fhoghlaim daoine go tapaidh go bhféadfadh an deatach agus salachar a thagann ó dhódh breosla iontaisigh saoil míchompórdach a chruthú dúinn féin. Le déanaí d'fhoghlaim muid gur dódh breosla iontaisigh ba chúis le báisteach aigéadach agus téamh domhanda.
Iarmhairt an tí ghloine agus téamh domhanda
Gásanna iarmhairt an tí gloine ag cruinniú
- Is gásanna tí gloine iad CO² agus míotháin.
- Táimid ag cur níos mó agus níos mó dena gásanna seo san atmasféar gach bliain.
- Baillíonn gásanna tí gloine timpeall an domhain. Cuireann siad cosc ar theas na gréine éalú, díreach cosúil le teach gloine.
Creideann eolaithe go gcúisíonn éifeacht tí gloine téamh domhanda rud a chúisíonn teocht méadaithe ar fud na cruinne. D'fhéadfadh oighearsruthanna agus leac oighear leáigh, leibhéil na farraige a árdú agus an aeráid athrú.
Dí Ocsáid Carbóin
Is ceann de na gásanna tí gloine í dí ocsáid carbóin. Cruthaítear dí ocsáid carbóin nuair a dhóitear breosla iontaisigh ach cruthaíonn adhmad agus bruscar amhlaidh.
Cruthaíonn muid dí ocsáid carbóin nuair a dhóann muid an bia a itheann muid. Tá dí ocsáid carbóin san aer a easanálann muid.
Dí ocsáid Carbóin
Tá méid an dí ocsáid carbóin san aer ag méadú an t-am go léir. Gach uair a dhóann muid rud éigin, cruthaítear níos mó dí iocsáid carbóin. Tógann crainn agus plandaí dí ocsáid carbóin isteach agus scaoileann siad ocsaigin amach. Tá muid ag cruthú níos mó dí ocsáid carbóin ná mar atá na crainn agus plandaí ábalta a úsáid.
Méadú an dí ocsáid carbóin san atmasféar le 40 bliain anuas.
Báisteach aigéadach
Cruthaítear báisteach aigéadach nuair a mheascann gásanna áirithe ó stáisiúin chumhachta, monarchain nó carranna le báisteach chun aigéad a chruthú ar a dtugtar "báisteach aigéadach". Is féidir le báisteach aigéadach damáiste a dhéanamh do chrainn agus éisc i lochanna agus linnte.
Doirteaidh Ola
Is féidir le timpistí tarlú nuair atá ola á iompar thar farraige. Uaireanta silleann an ola ón tancaer isteach san fharraige rud a mharaíonn éin agus éisc agus a thruaillíonn tránna.
2. Cumhacht Núicléach agus an Timpeallacht
Déantar breoslaí núicléach ó ábhair radaighníomhach, ar nós uráiniam a fhaightear i gcarraigeacha faoi leith. Baintear iad seo ón talamh. Ansin scairtear an cuid radaighníomhach agus déantar é a chomhchruinniú. Úsáidtear an ábhair radaighníomhach comhcruinnithe seo chun leictreachas a dhéanamh.
Tá radaighníomhaíocht dáinséarach agus is féidir le timpistí tarlúint.
Níl aon stáisúin ghiniúna núicléach i dtuaisceart Éirinn nó i bpoblacht na hÉireann.
Is féidir éifeacht a bheith ag doirteadh radaighníomhaigh ó stáisúin ghiniúna i dtíortha eile orainn.
3. Acmhainn fuinnimh inathnuaite agus an dTimpeallacht
Anois féachaimid ar an éifeacht a bhíonn ag úsáid fuinneamh inathnuaite ar an dtimpeallacht.
Is féidir éifeacht a bheith ag úsáid acmhainn fuinnimh inathnuaite ar an dtimpeallacht. Nuair a dhónn muid adhmad agus tuí scaoiltear gásanna ar nós dí ocsáid carbóin san atmasféar. Dónn muid níos mó breoslaí iontaisigh ná breoslaí inathnuaite.
Éifeacht radharcach
Ceapann roinnt daoine go bhfuil tuirbíní gaoithe, painéil ghréine, stáisúin ghiniúna geotéarmach nó hidrea-leictreach gránna.
An bhfuil siad seo níos gránna ná stáisiúin ghiniúna, mianaigh gual agus rigí ola atá ann cheana féin?
Scrios gnáthóige
Nuair a thógann muid teach nua, monarchain nó bóthar nua, cuireann muid síneadh lenár scoil, cuirtear isteach ar phlandaí, feithidí agus ainmhíthe. Uaireanta ní bheidh an fiabheatha sa cheantar ábalta fanacht agus bia agus fothain a fháil. Tugtar scrios gnáthóige ar seo.
Is féidir le stáisúin ghiniúna leictreach nó feirmeacha móra gaoithe cur isteach ar fhiabheatha sa tslí chéanna a chuireann mianach gual nó mótarbhealach.
Torann
Nuair a úsáideann muid breoslaí iontaisigh cruthaíonn muid a lán fothram ó thrácht, monarchain agus eitleáin. Ach is féidir le acmhainn fuinnimh inathnuaite a bheith glórach chomh maith. Cuitear as do dhaoine atá ina gcónaí in aice le feirmeacha gaoithe toisc an fhothraim a dhéanann na lannadh agus iad ag casadh.
Slabhraí fuinnimh