Acmhainn inathnuaite in Éirinn
Tá acmhainní inathnuaite fairsing agus flúirseach in Éirinn.
Gaoth agus Báisteach Tá an-chuid den dá rud seo againn! |  |
 | Grian Cé nach mbíonn sé grianmhar i gcónaí d'fhéadfadh muid an ghrian a úsáid chun níos mó tithe a théamh agus tuilleadh leictreachas a ghinniúint. |
Bruscar Caitheann muid amach bruscar gur chóir dúinn a bheith ag athúsáid nó ag athchúrsáil. Tógann sé níos lú fuinneamh canna a athchúrsáil ná ceann nua a dhéanamh, rud a chiallaíonn go gcuireann muid fuinneamh amú nuair nach dhéanann muid athchúrsáil. |  |
 | Bia Fásann muid barraí agus beathaíonn muid ainmhithe i gcóir bia. Is acmhainn fuinnimh é an bia. Tugann sé an fuinneamh dúinn fanacht te ar lá geimhridh agus tugann sé fuinneamh dúinn rothaíocht nó siúl ar scoil. |
Níl na carraigeacha faoi thalamh in Éirinn te go leor chun fuinneamh geo téarmach a sholáthar, ach tá spá uisce te i Mala, Co Corcaigh. D'fhéadfaí na gásanna ó chamras nó ó aoileach ainmhí a úsáid chun leictreachas a ghiniúint.
Conas a úsáidtear acmhainn fuinnimh inathnuaite
Teas na gréine D'fhéadfadh muid fuinneamh agus airgead a shábháil dá n-úsáidfeadh muid an ghrian níos mó trí suí i seomraí grianmhara agus uisce a théamh le painéil gréine ar an dian. |  |
 | Teas ár gcoirp Úsáideann muid bia chun an fuinneamh a thabhairt dúinn fanacht te agus gluaiseacht timpeall. |
Uisce ag gluaiseacht (cumhacht hidrea) Is féidir linn uisce reatha a úsáid chun leictreachas a dhéanamh. Soláthraíonn stáisiúin chumhachta hidrea 5% dár leictreachas. |  |
Adhmaid ag dódh
Is féidir roinnt crainn a fhásann go tapaidh a úsáid mar acmhainn fuinnimh. Fásann an saileach go tapaidh. Is féidir na géaga a bhaint gach 3-5 bliana. Is féidir iad a ghearradh suas ansin agus a úsáid mar bhreosla. Is féidir leis an breosla seo a dhódh i sornóga chun ár dtithe a théamh nó é a úsáid i stáisiúin cumhachta chun leictreachas a dhéanamh. Tá seans ann sa todhchaí go mbeidh an saileach ag fás in Éirinn chun breosla a sholáthair.
Ag úsáid fuinneamh gaoithe
Tá an-chuid bealaí gur féidir fuinneamh gaoithe a úsáid. Is féidir linn é a úsáid chun leictreachas a ghinnúint, éadaí a thriomadh, bád a sheoladh nó eitleog a eitilt. Soláthraíonn an fheirm ghaoithe atá suite i mBéal Átha Chomraic, Co. Maigh Eo muid le roinnt leictreachas ón lárionad.
Acmhainní fuinnimh don todhchaí