Acmhainn fuinneamh don todhchaí

Is gá dúinn acmhainn inathnuaite a fhorbairt ionas nach mbeidh muid ag brath ar bhreoslaí iontaisigh an méid sin. Úsáideann muid acmhainn inathnuaite gach lá, ar nós an ghaoth agus an ghrian chun ár n-éadaí a thriomú ar an líne, an ghrian chun solas a thabhairt dúinn, nó bia chun fuinneamh a thabhairt dúinn siúl nó rothaíocht.

Nuair a úsáidtear acmhainn fuinnimh  inathnuaite chun leictreachas a ghiniúint, teach a théamh nó cumhacht a thabhairt chuig inneallra bíonn éifeacht aige ar an dtimpeallacht.

Tá tuirbíní gaoithe, painéil ghréine, carranna leictreacha a oibríonn ar chumhacht na gréine agus gineadóir a dhónn adhmad, ró-chostasach don ghnáth dhuine a cheannach. Is gá dúinn leanacht leis an obair chun teacht ar bhealaí chun iad seo a dhéanamh níos saoire.

Is gá dúinn níos lú fuinneamh a fháil ó bhreoslaí iontaisigh. Má dhéanann muid é seo beidh níos lú truailliú, báisteach aigéadach agus téamh domhanda ann. Caithfimid cuimhniú nach mairfidh breoslaí iontaisigh go brách. Sa todhchaí beidh orainn acmhainn fuinnimh inathnuaite a úsáid chun ár n-éilimh a shású.

MAR SIN SÁBHÁIL FUINNEAMH INNIU……AR SON ÁR dTODHCHAÍ!

todhchai